14.49
Aicme 13 Dornán briathra ó fhréamhacha ilsiollacha nach gcoimrítear.
Féach an tAguisín.
Réimnítear
- freastail, taistil, lorg, tarla
- mar a dhéanfaí dá mba
- freastalaigh, taistealaigh, lorgaigh, tarlaigh
- ba fhréamh dóibh
ach amháin gurb ionann críoch d'fhoirm scartha an táscaigh chaite agus don
fhréamh:
- freastalaíonn siad
- thaistil sí
- lorgóidís
- ag tarlú.
Réimnítear
- aithris,
- díolaim,
- foghlaim,
- fulaing,
- tarraing,
- tuirling
mar a dhéantar le haicme 12 ach amháin nach gcoimrítear iad.