3.6
Fleiscín:
Úsáidtear an fleiscín
- idir na réamhlitreacha n, t agus mionlitir ghutach:
- ár n-arán
- an t-athair
- ach
- ár nAthair
- an tAlbanach
- idir dhá mhír de chomhfhocal chun dhá ghuta, dhá chomhchonsan, dhá ch, dh, th,
etc. a scaradh:
- so-ite
- lag-ghlórach
- droch-chaint
- gnáth-thuarastal
- idir focal agus a iarmhír chun dhá chomhchonsan a scaradh:
- ár maoin-ne
- mo chos-sa
- idir dhá réimír de ghnáth: sin-seanathair
ach ní úsáidtear fleiscín i gcomhfhocal
- más mír iasachta aon chuid de:
- pailéibhitheolaíocht
Idir ceann ar bith de na réimíreanna do-, fo-, so- agus ceann ar bith de na
grúpaí litreacha bha, bhla, bhra, dha, gha, ghla, ghra, mha:
- do-bhainte
- so-bhlasta
- fo-bhrat
- so-dhaite
- fo-gharraíodóir
- so-ghlactha
- fo-ghraí
- do-mharaithe
agus in aon chás eile inar bhaol go mbeadh an focal do-aitheanta d'éagmais an
fhleiscín
- i dteidil dhílse mar an Príomh-Bhreitheamh
- an tArd-Aighne
- ach scríobhtar freisin i gcomhthéacs neamhfhoirmiúil:
- an tArdaighne
- an Príomhchigire.
- i ndiaidh an- (réimír threise), dea-:
- an-te
- dea-bhean
- chun athbhrí a sheachaint: do ghrá-sa. Féach freisin 24.3.