14.73
Dar
Níl ach an t-aon fhoirm amháin ag an mbriathar seo.
Sa táscach is gnách é a úsáid, agus leanann an réamhfhocal le é:
- Máire a dúirt é, dar liom
- dar liom gur Máire a dúirt é.
Úsáidtear dar san insint dhíreach agus sa chlaoninsint araon:
- chonaic sé scamall dar leis
- dar leis go bhfaca sé scamall.