15.17
Úsáidtear an foshuiteach láithreach go minic, in ionad an ghnáthláithrigh agus
an fháistinigh, nuair is aimsir phríomha atá ag briathar an uaschlásail i
gclásail ama ar lorg go, nó go, sula, ach a:
- is gearr go dtaga (dtiocfaidh) sí
- ní fada go raibh (mbeidh) sin le rá agatsa
- fanadh (fanann, fanfaidh) sé go dté an Fhéile Bhríde amach
- ná tagaigí (ní thiocfaimid) isteach [nó] go dté (rachaidh) an ghrian a luí
- beidh siad ann sula mbuailtear (mbuailfear) clog an aingil
- gheobhaimid an scéal iomlán ach a dtaga (dtiocfaidh) Pól.
Ní úsáidtear an foshuiteach láithreach ar lorg
aon chónaisc eile i gclásail ama:
- imreoidh sé leis go dtí nach mbeidh aon phingin fágtha aige.
- i gclásail aidhme ar lorg go, nó go, sula:
- tabhair (tugaim, tabharfaidh sí) chuige na nuachtáin [nó] go lé (léifidh) sé
iad
- osclaídís (osclaíonn siad, osclóidh siad) na fuinneoga sula n-imí siad.
- Ach féach 15.21 n.
- i gcéadbheart oscailte ar lorg mura:
- imímis (imeoimid, imímid) mura dtaga sé go luath.