An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.25

I gcásanna ina n-úsáidtear an coinníollach sa phríomhchlásal mar mhaolú ar
cheist nó ar ráiteas, nó mar léiriú ar mhífhoighne, etc., nó chun róchinnteacht
a sheachaint, is minic nach n-athraítear aimsir an fhochlásail:
- b'fhéidir go dtiocfainn má bhíonn am agam
- ba chóir duit tosú nuair a ghlanfaidh an aimsir
- cheapfá go bhfuil an bháisteach chugainn.

Sa chlaoninsint ar abairtí mar sin, aimsirí stairiúla ar fad is iondúil a bheith
ann (ach féach 15.26-27) ar lorg briathair stairiúil:
- dúirt sé go gceapfá go raibh, etc.