An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.32

Uaireanta bíonn an gníomhaí soiléir cé nach luaitear é:
- "Tháinig mé, a rí," arsa Mac Conglinne, "chun a fhiafraí conas atáthar
inniu"
- "Dar mo bhriathar," arsa Cathal (an rí), "ní rabhthas riamh níos measa agus
ní bheifear go brách."

Is féidir freagra díreach a sheachaint leis an saorbhriathar.
- "Beidh tú ag teacht go dtí an misean, a Mhártain."
- "Ó beifear ann, a Athair. Beifear ann."

Féach freisin d'ionsaigh siad an leoraí agus maraíodh beirt de na saighdiúirí.

(Níl sé ráite go díreach gurbh iad an lucht ionsaithe a rinne an marú.)