15.38 Is minic an dara leagan thuas in úsáid nuair a thagraítear den chéad uair do rud éiginnte: - shuigh Séamas ar charraig a bhí ann, - nó i gcomparáid samhlaíochta: - d'éirigh an t-eitleán mar a bheadh faoileán ann.