An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.51

Úsáidtear

déan

mar bhriathar cúnta in éineacht le hainm briathartha briathair aistrigh nó
neamhaistrigh eile mar leagan malartach, go háirithe chun foirm neamhchoitianta
den bhriathar eile a sheachaint:
- déan é a dhalladh (dhaoradh, iniúchadh, liathadh, chomhlíonadh)
- rinneadh í a athleagan san aicíd
- déanfaidh mé an costas a chomhaireamh
- déan éirí (éisteacht)

- chun an gníomhú a threisiú:
- titim le beanna an chladaigh a rinne sí
- dheamhan éirí a dhéanfadh sé
- shílfeá gur é a mholadh a dhéanfaí
- magadh a tosaíodh a dhéanamh.

- in abairtí leathdhiúltacha:
- ná déan ach é a dheisiú.