16.4
An Abairt Aicme
Is abairt aicme abairt ina dtráchtar ar rud(aí) áirithe a bheith in aicme
áirithe:
- is éan smólach (i.e., ceann de na nithe a dtugtar éin orthu is ea smólach)
- an eitleoir Tomás? (i.e., an duine den mhuintir ar a dtugtar eitleoirí
Tomás?)
Is gnách trí roinn in abairt aicme
- an t-ainmní (ábhar na cainte)
- an fhaisnéis (an t-eolas a thugtar ar an ainmní, nó a lorgaítear faoi, nó
forainm ceisteach)
- an chopail a dhéanann an ceangal gramadaí idir an t-ainmní agus an fhaisnéis
Is minic an chopail ar iarraidh ach intuigthe.
Is annamh an t-ainmní ar iarraidh ach i bhfreagraí.
Ní mór faisnéis a bheith ann i gcónaí, agus is uirthi is mó a chuirtear béim an
ghutha.
Ní féidir le hainmfhocal cinnte ná le forainm pearsanta bheith ina fhaisnéis in
abairt aicme.