16.12
Má dhéantar clásal ainmfhoclach de leagan 16.10 (i) is gnách, i gceantair
áirithe den Ghaeltacht, foirm chopaileach a chur roimh an bhfaisnéis agus ina
diaidh:
- is dóigh liom gur leaba gurb ea í
- dúirt Ciarán gur shaighdiúirí gurbh ea iad.
- Is iad na gnáthrialacha a théann i bhfeidhm ar leagan 16.10 (ii):
- is dóigh liom gur leaba atá inti
- dúirt Ciarán gur saighdiúirí a bhí iontu.