An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.14
An Fhaisnéis ina Forainm Ceisteach

- Cad,
- cad é,
- céard
na forainmneacha ceisteacha a úsáidtear san abairt aicme.

Tá leaganacha gairide agus leaganacha níos faide ann:
- Cad [é] seo?
- Cad [é] sin?
- Céard [é] siúd?
- Cad é an rud é seo?
- Céard é an rud é siúd?
- Cad é rud sin?

Uaireanta aithnítear idir an dá shaghas.

Le rudaí a chluintear (caint, fothram, etc.) is mó a bhaintear feidhm as na
leaganacha gairide:
- Céard é siúd? Sin toirneach.
- Cad é sin? Ag iarraidh lasáin ort a bhí mé.

Le rudaí a fheictear agus ar lorg sainmhíniú is mó a bhaintear feidhm as na
leaganacha is faide:
- Cad é an rud é seo? Sin tinteog.
- Cad é an rud é tinteog?
- Cad é rud leictreachas?