An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.16

I bhfreagraí simplí ar cheisteanna a lorgaíonn aicme ruda agus dar tús an, nach,
ar, arbh, nár, nárbh, is gnách gan an t-ainmní a athlua, ach an forainm ea a
chur in áit fhaisnéis na ceiste.

Mar an gcéanna i gcás abairtí eile (ceisteanna agus freagraí) ina bhfuil
faisnéis na habairte roimhe sin i gceist arís.

- An capall é sin? --Is ea. --Ní hea. --Nach ea?

- Níorbh uisce é siúd. --Nárbh ea? --Níorbh ea.

Mar fhreagra diúltach níos iomláine ar an gceist
'an capall é sin?' deirtear
'ní hea ach bó'
'ní hea, bó is ea í'
'ní hea, bó atá ann etc.',

mar tá leagan treise riachtanach de réir an chomhthéacs.