16.30
Mar an gcéanna i gcás roinnt ainmfhocal a úsáidtear mar a bheadh aidiachtaí ann
(cuimhin, - dóigh, fiú, foláir, mithid, etc.):
- An cuimhin leat é? Is cuimhin liom [go maith].
- An dóigh leat go dtiocfaidh sí? Ní dóigh liom [é].
- Ní foláir duit bheith aireach. Ní foláir dom, is dócha.
- Ní úsáidtear
ea
thar ceann na haidiachta faisnéisí
ach amháin
nuair a thagann an clásal coibhneasta leithleach (16.68) ar lorg na haidiachta.