16.39
Más dhá ainmfhocal (lena gcáilitheoirí) an fhaisnéis agus an t-ainmní féadann an
fhaisnéis teacht roimh an ainmní nó ina dhiaidh:
- Cé hé an captaen? Is é an siúinéir an captaen.
- Cé hé an namhaid? Is é an namhaid an peaca.
Bíonn béim an ghutha ar an bhfaisnéis sa dá abairt.
Lena chois sin déantar stad beag tar éis an t-ainmní a rá nuair a leanann an
fhaisnéis é:
- Is é an namhaid (stad beag) an peaca!
Is gnách áfach ainmneacha dílse a thabhairt chun tosaigh cibé acu faisnéis nó
ainmní iad:
- Peadar: Níl aithne agam ar an mbainisteoir ná ar an rúnaí.
- Pól: Tá cinnte. Is é an
Búrcach
an bainisteoir
- agus is é an
Brianach
an rúnaí.
- Síle: Cé hiad an Búrcach agus an Brianach seo?
- Sinéad: Is é an Búrcach an
bainisteoir
- agus is é an Brianach an
rúnaí.