An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.55

Má tá an briathar le treisiú cuirtear a ainm briathartha (agus an cuspóir, más
ann dó) i dtosach agus úsáidtear foirm choibhneasta an bhriathair déan in áit an
bhunbhriathair sin nó úsáidtear

amhlaidh



is é rud:
- thit sé de chrann
- titim de chrann a rinne sí
- is amhlaidh a thit sé de chrann
- is é rud a thit sé de chrann.
- ghortaigh sé é féin:
- é féin a ghortú a rinne sé
- is amhlaidh (is é rud) a ghortaigh sé é féin.