An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.58

Uaireanta teastaíonn an t-ainmní iomlán a threisiú agus déantar faisnéis nua di:
- nach leatsa an leabhar dearg?
- nach é an leabhar dearg is leatsa?
- (is leatsa
ainmní na habairte nua)
- is dóigh liom go bhfuil sí tinn:
- is é is dóigh liom go bhfuil sí tinn
- is mian leis an rialtas an Ghaeilge a shábháil:
- is é is mian leis an rialtas an Ghaeilge a shábháil
- b'fhada leis go dtiocfadh sí:
- ba é ab fhada leis go dtiocfadh sí.

Is gnách gur fochlásal ráiteasach a úsáidtear in ionad clásail choibhneasta ar
lorg

minic

más clásal copaileach atá san fhochlásal:
- is minic gurb ea
- nach minic gurb í
- is minic gurb é an fear is mó caint is lú gníomh
- is minic gur liomsa a bhíonn sé.
Ach
- is minic a théann
- is minic a bhris.