An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.64
Príomhchlásal Ráiteasach Dearfach
An chopail agus an taispeántach scartha ó chéile
(agus forainm pearsanta i gcomhaisnéis leis an taispeántach sa chéad dá chás):
- (ba) leon é sin
- is (ba) é sin an leon

Ní úsáidtear an fhoirm chopaileach stairiúil

ba

ach
in abairtí mar an dá shampla thuas:
- is mar sin a rinneadh é.

An chopail ligthe ar lár, agus gan aon fhorainm pearsanta i gcomhaisnéis leis an
taispeántach:
- sin leon
- sin an leon
- sin mar a rinneadh é
- sin a cheap mé
- sin a raibh aige.

An chopail ar lár, agus forainm pearsanta i gcomhaisnéis leis an taispeántach:
- sin é an leon
- sin é a cheap mé
- sin é a raibh aige.

Is ionann brí do
- sin an leon
agus
- sin é an leon

do
- sin a cheap mé
agus
- sin é a cheap mé

do
- sin a raibh aige
agus
sin é a raibh aige.