An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

17.1
Deilbhíocht an Ainm Bhriathartha
Má bhreathnaítear an abairt:-

dúirt mé leis teacht go tapa,

tabharfar faoi deara go bhfuil dhá fheidhm ag an bhfocal teacht,
mar atá:
- feidhm ainmfhocail
mar is é cuspóir an bhriathair dúirt é,
agus
- feidhm briathair,
mar tá sé á cháiliú ag an dobhriathar
go tapa.

Mar an gcéanna i gcás na habairte:-

ní maith leis éirí ramhar,


feidhm ainmfhocail
ag an bhfocal

éirí

mar is é ainmní na habairte é
agus tá
feidhm briathair
aige
de bhrí go ndéanann an aidiacht fhaisnéiseach
ramhar
comhlánú air.

Aon fhocal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm briathair aige is gnách ainm
briathartha a thabhairt air.

Is ó bhriathra a dhíorthaítear formhór mór na n-ainmneacha briathartha agus is
beag briathar, taobh amuigh den chopail agus de chorrbhriathar uireasach eile,
nach bhfuil ainm briathartha amháin ar a laghad aige.