An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

17.3

An Chéad Réimniú

Is iad seo na rialacha ginearálta i dtaobh dhéanamh na n-ainmneacha briathartha
sa chéad réimniú -(e)adh a chur le fréamh nach -igh, ígh ná (i gcás ilsiollaí)
-ail is críoch di:
- moladh,
- briseadh
ar aon dul leis an bhfréamh in ilsiollaí dar críoch -áil:
- pacáil
-í a chur in ionad -igh i bhfréamhacha dar críoch:
- -igh
agus
nach bhfuil guta fada ná défhoghar iontu:
- suí (suigh)

-gh a bhaint de fhréamh dar críoch -ígh: cnaí (cnaígh)

-igh a bhaint den fhréamh i gcás fréamhacha eile dar críoch -igh:
- dó (dóigh).