17.8
Má tá cuspóir (ainmfhocal nó aidiacht shealbhach) ag gabháil leis an ainm
briathartha san abairt (i.e. más le briathar aistreach a bhaineann sé) is ionann
foirm an ghinidigh agus foirm na haidiachta briathartha go hiondúil:
- lucht ceannaithe na mbeithíoch
- fear inste scéil
- lá íoctha na rátaí
- modh a húsáidte
- in ann a dhéanta
- chun a gcrochta
- ar tí mo mharaithe.
Ach ní rómhinic a úsáidtear leaganacha den sórt thuas.
Mar shampla, is túisce a déarfaí
- ceannaí muc,
- tógálaithe tithe
- ná fear ceannaithe muc,
- lucht tógála (tógtha) tithe.
Leis an alt seo a bhaineann lucht leanta Ghoill (a naimhde, 9.9):
ach le 17.10 a bhaineann
- lucht leanúna Ghoill (a chairde, 9.8).