17.10
Mura bhfuil cuspóir ag gabháil le ginideach an ainm bhriathartha (cibé acu
aistreach nó neamhaistreach a bhriathar) feidhmíonn sé mar aidiacht.
Is ionann foirm an ghinidigh agus foirm na haidiachta briathartha go hiondúil
sna cásanna seo focail dar críoch -adh:
- rún cáinte,
- dán molta
Tá correisceacht ann:
- uisce fiuchaidh,
- tuilleadh teannaidh,
- lá troscaidh.
focail dar críoch guta fada:
- bealach éalaithe,
- páipéar súite,
- boladh dóite,
- teach cónaithe.
Ach féach 17.12 maidir leis an nginideach mar ghnáth-ainmfhocail.