An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

17.12

Mar seo a leanas a infhilltear ainm briathartha gan chuspóir de réir ceann éigin
de na cúig dhíochlaonadh.

Sa chéad díochlaonadh atá mórán acu dar críoch consan leathan:
- uisce coiscreacain,
- bliain bhisigh,
- lucht siúil

Sa dara díochlaonadh atá roinnt focal dar críoch consan caol:
- cóir aithrise,
- fonn titime

Sa tríú díochlaonadh atá focail dar críoch
-áil,
-íl,
-áint,
-úint,
-cht
agus
cinn bhaininscneacha dar críoch
-chan:
- crann tógála,
agus
na focail seo a leanas:
- crith,
- díolaim,
- éag,
- foghlaim,
- íoc,
- reic,
- rith,
- seinm,
- slad,
- snámh,
- sníomh,
- tairiscint,
- triall,
- troid,
- tuiscint:
- galar creatha,
- lucht leanúna, etc.

Sa cheathrú díochlaonadh go hiondúil a bhíonn ainm briathartha aonsiollach a
bhfuil guta fada ann nuair a úsáidtear mar ghnáth-ainmfhocal (go háirithe ar
lorg an ailt) é:
- idir dhá cheann na meá,
ach
- droichead meáite.

Sa chúigiú díochlaonadh a bhíonn corrfhocal eile:
- scrúdú trialach.