An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

18.2

Is deacair a rá uaireanta cé acu ainm briathartha ceart nó gnáth-ainmfhocal atá
ann.

Ó thaobh fhoghlaim na gramadaí de, is leor a fhios a bheith againn gur
gnáth-ainmfhocal é
má tá an t-alt roimhe:
- tá an scrúdú thart.

má tá aidiacht nó ginideach nach cuspóir á cháiliú,


má d'fhéadfadh a leithéidí d'fhocail é a cháiliú:
- tá dhá réiteach ann
- thug sé léim (fhada)
- luí na gréine.

más foirm iolra é:
- fuair mé orduithe ón rí.