An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

18.8

Más go díreach ar lorg an ainm bhriathartha (nó ar lorg dobhriathair a bhfuil an
t-ainm briathartha cáilithe aige) atá an cuspóir, cuirtear sa ghinideach faoi
réir ag an ainm briathartha é:
- ag marú (an) éin
- a insint mo scéil
- ag brú isteach an dorais.

Ní bhíonn an cuspóir faoi réir ag an ainm briathartha in aon chás eile.

I gcásanna áirithe, ginideach gan infhilleadh (focal le foirm ainmneach ach le
feidhm ghinideach) a bhíonn san ainm briathartha, nó ina ghníomhaí nó ina
chuspóir (9.28).