18.11
Úsáidtear iad faoi réir ag briathra mar a leanas leis an mbriathar cúnta déan,
- chun na haimsirí simplí a chumadh ar mhalairt slí:
- déan an t-airgead a chomhaireamh
- déan éisteacht.
- leis an mbriathar abair, i gclaoninsint ar ordú sa dara pearsa nó sa
saorbhriathar agus i gcásanna gaolmhara eile ar lorg beartaigh, comhairligh,
lig, ordaigh, etc:
- dúradh (leo) an bád a dhíol
- lig di imeacht.
- le briathra éagsúla eile:
- ní aireoidh sí caora a ghoid uaithi.