18.13
Bíonn siad faoi réir ag tar éis (d'éis, i ndiaidh) chun na haimsirí foirfe a
dhéanamh le cabhair an bhriathair cúnta bí agus mar an gcéanna chun foirm
fhoirfe an ainm bhriathartha féin a dhéanamh:
- bíodh (tá, bíonn, beidh, bhí, bhíodh, bheadh) sé tar éis an bád a dhíol
- bíodh (tá, ...) sé i ndiaidh éirí
- bheith tar éis an bád a dhíol
- bheith d'éis éirí.
Is annamh a bhaintear feidhm as cuid de na cainteanna sin thuas,
na cinn dar tús bíodh.
Ach d'fhéadfadh duine mar léiritheoir dráma feidhm a bhaint astu.