18.16
Cuirtear focail eile isteach
idir an cuspóir agus a (réamhfhocal) + ainm briathartha:
má tá an cuspóir ina réamhtheachtaí don chlásal ina bhfuil a ainm briathartha:
- sin fear is furasta a mhealladh
- d'inis sé scéal dom ba dheacair a chreidiúint
- cá bhfuil na leabhair a dúirt sí a dhíol?
i ráitis leathdhiúltacha áirithe:
- ní féidir a spáráil ach bád amháin
- dúirt mé leis gan a dhíol ach péire.
Má tá brí leathdhiúltach ag gabháil leis an bhfrása iomlán coinnítear focail an
mhúnla le chéile:
- ná déan ach na báid a chomhaireamh.
nuair is dobhriathar an frása a + ainm briathartha, ag cáiliú aidiachta:
- níl an Ghréigis chomh deacair a fhoghlaim agus a shíleann tú.