18.19
Sna foirmeacha leanúnacha simplí, ceanglaítear an gníomhaí den ainm briathartha
le réamhfhocal.
Is í feidhm is coitianta acu na haimsirí leanúnacha a dhéanamh leis an mbriathar
cúnta bí.
- An réamhfhocal
ag
- a úsáidtear go hiondúil
nuair nach luaitear aon chuspóir.
(ach féach cás abairtí leathdhiúltacha thíos),
agus nuair a thagann an cuspóir go díreach ar lorg an ainm bhriathartha (nó ar
lorg dobhriathair atá á cháiliú):
- bíodh (tá, bíonn, etc.) sé ag rith
- bíodh (tá, bíonn, etc.) sí ag crú na bó
- chuala mé é ag tabhairt amach an chapaill.
- An réamhfhocal
- do
(nó cumasc de)
a úsáidtear
más aidiacht shealbhach an cuspóir:
- bhí an tiarna talún do mo (do do, do bhur) ruaigeadh
- tá daoine á cáineadh /á cháineadh
- tá sí dár gcáineadh
- chrom Anraí ar bheith á marú.
- An réamhfhocal
- a
a úsáidtear nuair a chuirtear an cuspóir i dtosach na habairte lena neartú:
- pingin ní raibh mé a shaothrú.
nuair atá an cuspóir ina réamhtheachtaí don chlásal ina bhfuil a ainm briathartha:
- nach deas an obair atá Cáit a dhéanamh?
- céard a chuala tú Beairtle a chanadh?
nuair atá
mar
(cónasc) in ionad réamhtheachtaí den sórt atá i gceist sa sampla
roimhe seo:
- rinne sé mar a bhí mise a dhéanamh.
i gcásanna áirithe nuair atá an ráiteas leathdhiúltach:
- níl Seán a fháil ach a chion.
Ní ceart in aon cheann de na ceithre chás thuas
an séimhiú a bhaint den ainm briathartha agus
- ag
a chur in ionad an réamhfhocail
- a.