18.26
Chun aidhm a chur i gcéill ar lorg briathair nó a chothroim úsáidtear chun nó le
roimh mhúnla 1A, 1B:
- tháinig sé chun an cluiche a fheiceáil
- d'éirigh sí chun imeacht
- stadaimis le deoch a fháil
- táimid ag teacht le fanacht
- an bhfuil tú anseo le fanacht?
a
nó
ag
roimh mhúnlaí 2A, 2B:
- chuamar a luí
- téigh a chodladh
- rachaidh siad ag baint féir
- thostamar a éisteacht
- beidh an bhrídeog ag éirí a dhamhsa
- siúd amach ag treabhadh é
- beidh Conall leat a chur na tuí.
Ach féach 18.27-28.