An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

18.36
Múnlaí eile

In ionad múnlaí 5A, 5B a úsáid is minic a chuirtear an gníomhaí roimh mhúnlaí
1A, 1B.

Fágann sin an gníomhaí agus an cuspóir araon san ainmneach i múnla 1A agus an
gníomhaí agus an t-ainm briathartha araon san ainmneach i múnla 1B. 235

1A :
- níor mhaith liom mo leanbh bás a fháil
- dúirt mé Eibhlín an teach a dhíol
- ba mhaith leo Seán an bhanaltra a phósadh.

Tá múnla 5B, agus múnla 1A ar lorg an ghníomhaí, san abairt seo:
- níorbh fholáir é féin a dhul go dtí an chathair agus mórán a fhulaingt
- (é féin gníomhaí an dá ainm bhriathartha).

Bíonn an gníomhaí ar iarraidh uaireanta:
- b'fhearr liom an lámh a bhaint díom ná é sin
- tháinig an soitheach go Doire gan cleite a bhaint aisti
- ní mhairfeadh aon duine d'éis piléar a chur trína chroí.

(Féach freisin 18.11.)

- 1B:
- b'fhearr leis iad fanacht ciúin
- tháinig Pól i ndiaidh an cluiche tosú
- an cogadh a raibh sé geallta an saol briseadh as.