An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

19.2

Na príomhchásanna ina bhfeidhmíonn an aidiacht bhriathartha mar ghnáthaidiacht
- mar aidiacht aitreabúideach:
- is bean phósta í
- caith amach na prátaí lofa

- mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg na copaile:
- is dealfa dea-chumtha do lámh
- ní briste atá sé

- mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg bí:
- ag léiriú staid an chuspóra
- tar éis an ghnímh:
- tá sé pósta (briste, dáilte, leonta go dona)
- is í atá tugtha don obair
- de chlocha a bhídís déanta
- tá na gunnaí aimsithe ar an doras acu.

D'fhéadfadh gníomhú briathartha (19.3) bheith i gceist san abairt dheireanach
thuas.

- mar aidiacht fhaisnéiseach ar lorg bí ag léiriú staid an ghníomhaí tar éis an
ghnímh:
- bhí Seán ólta
- táimid beirthe go maith leis an socrú sin
- tá Liam éirithe (fásta suas, éirithe ramhar, tite i laige).
- D'fhéadfaí cuid de na samplaí sin thuas a chur isteach in 19.3.