An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

19.10

Rangabháil na hOiriúnachta

Is ionann an rangabháil seo freisin agus rangabháil na fusachta i ngach slí
maidir le foirm agus úsáid ach go bhfuil
in-

in áit
so-,

agus
gur minice ginideach ainmfhocail sa rangabháil seo ná sa rangabháil eile.

Ciallaíonn sí gur féidir (fiú, cóir, oiriúnach) an gníomh a dhéanamh a léiríonn
an aidiacht bhriathartha nó an ginideach:
- tá sé inite (indéanta, inreaca, inreatha, inaistir, inleighis, inleithscéil)
- sin í an riail is inleanta sa chás seo
- níl an t-amhrán sin inráite
- is leabhar inspéise é
- níl Peig inchurtha (inchomórtais, inchomparáide) lena deirfiúr.