20.4
Mura sa táscach caite atá an briathar is iad na míreanna nach bhfuil faoi
lúibíní in 20.2-3 is ceart a úsáid.
Séimhítear an briathar ar lorg ní, agus uraítear ar lorg na míreanna eile atá
gan lúibíní:
- ní bhristear
- ní bhrisfí
- ní bhristí
- an bhfásann
- sílim go dtuigim
- deir sé nach gcreideann sé
- nach gcreideann?
- mura bhfillfidh sé imeoidh mé.