20.8
- a: cónasc coibhneasta dearfach díreach
Foirmeacha coibhneasta na n-aimsirí táscacha agus an mhodha choinníollaigh a
thagann i ndiaidh na míre seo agus iad séimhithe ach amháin i gcás
shaorbhriathar an táscaigh chaite.
Uaireanta tagann an mhír
d'
idir
a
agus an briathar.
Níl aon tionchar ag
a
ar
d':
- an fear a chuireann (a d'ólfadh, a d'fhreastalaíodh) an síol a dhíoltar.
Ach
- an síol a díoladh.