An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.5

Is gnách an focal
go

i mbunchéim an dobhriathair aidiachtaigh:
- tá sé ag obair go deas anois.

Fágtar go ar lár sa bhunchéim sna cásanna seo de ghnáth:
- má tá dobhriathar eile á cháiliú:
- ní thagann sí minic go leor
- dá rithfeá sách tapa
- má tá dobhriathar aidiachtach eile roimhe:
- roinneadh an bia go fial flaithiúil

- roimh cuibheasach, sách:
- tá siad cuibheasach (sách) te

- má tá sé ag cáiliú aidiacht aitreabúideach:
- feicim slua measartha mór.

Is iomaí cás eile ina bhfágtar go ar lár, go minic nó go coitianta nó i
gceantair áirithe:
- bhí sé (go) díreach ag éirí
- ag ól [go] trom
- bean a bheadh [go] coitianta ag guí
- labhair [go] cruinn
- glac [go] réidh an scéal
- é a roinnt amach ceart [i gceart sa cheart]
- ag labhairt [go h] an-ard
- tá siad [go] réasúnta breá
- daoine iontach deas iad
- ní [go] rómhaith a thuigim é
- ní [go] hannamh é
- [go] measartha ard
- nach [go] tobann a tháinig sé?

Is iondúil go ar lorg nach (cónasc ráiteasach):
- tá a fhios agam nach go macánta ná go dleathach a fuair sé an talamh.

Tabhair faoi deara gur dobhriathra atá i ndeireadh na n-abairtí seo a leanas:
- tá sé dhá bhliain déag cothrom
- tá sé trí mhíle díreach.