An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.7

Agus dála na haidiachta freisin, is minic an dobhriathar breischéime roimh
bhriathar an chlásail choibhneasta in ionad bheith ina dhiaidh:
- ní fhaca mé aon ní riamh ba mhó a chuir gráin orm ná é
- le ceathrú gealaí is iondúla a bhriseann an aimsir
- is anseo is mó a oibríonn Tadhg
- ó dheas is minice a théadh sé.