An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.14

Is léir ó cholún (i) in 21.10 gur féidir na dobhriathra amuigh, istigh, thuas,
thíos, thall, abhus, thuaidh (ó thuaidh), theas (ó dheas), thoir, thiar a úsáid
mar aidiachtaí.

Úsáidtear na dobhriathra eile mar sin freisin:
- an fear amach
- (= an fear atá ag dul amach nó go díreach tar éis dul amach)
- an bhean isteach
- braon anuas
- céim suas
- airgead síos
- an ghaoth aduaidh (aneas, anoir, aniar)
- chuaigh sé taobh anonn dá chead.

Tabhair faoi deara gur as bun na gaoithe a ainmnítear an ghaoth.

Féach freisin d'aistrigh an ghaoth ó thuaidh (ó dheas soir, siar) á rá go bhfuil
sí ag séideadh as an aird thuaidh, etc. anois.