An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.20

Úsáidtear an tsraith iarthar, siar, ... le háiteanna is iargúlta, ar shlí éigin,
ná ionad an chainteora nó ionad áirithe eile:
- gabh siar (= téigh ar gcúl) gabh aniar chun na tine thiar sa seomra (sa chúinne, ina bholg)
- ól siar é
- tá mála aniar air (= ar a dhroim)
- suigh aniar (sa leaba)
- luigh siar (sa leaba)
- laistiar den phictiúr.