An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.37

Taobh amuigh de na cásanna sin thuas is in áit éigin ar lorg an ainmní is
iondúil an dobhriathar a chur.

Tá claonadh ann dobhriathra gairide (focal nó dhó iontu) a chur roimh an
gcuspóir, ach braitheann sin go mór ar an gcomhthéacs:
- chuir sé i bhfolach an cóta,
ach
- chuir sé an cnoc amach de.

Is gnách frása dobhriathartha atá cuibheasach fada a chur ar lorg an chuspóra
mura bhfuil an cuspóir féin rófhada:
- chaith sé na scadáin amach ar an gcé
- chaith sé amach ar an gcé na scadáin a fuair sé.