An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.14

Briathra coitianta a leanann réamhfhocail éagsúla iad

- bain:
- bain as! (imigh!)
- bhain an bháisteach siar asam
- bain caint (ceol, etc.) as
- bhain sé dhá lá asam (díom) an obair a chríochnú
- ní féidir liom ceart (an craiceann, etc.) a bhaint de
- ná bain dó (leis)
- ní bhaineann an gnó sin liomsa
- baineadh na cosa uaim (leagadh mé)
- bain uait féin (beir ar do chiall).

- beir:
- beir ar shrian ar an gcapall
- beir isteach air
- beir as tú! (imigh!)
- beir
- chugam é
- beir leat é
- beir uaim é!

- buail:
- buail ar an doras
- bhuail sé bob orm
- buail fút! (suigh!)
- bhuail Seán liom (umam).

- cas:
- chas sé ar a bhaile dúchais
- chas (casadh) fear orm (dom, liom)
- cibé rud a chas (sheol) chugam é
- chas sé achasán liom
- chas mé an ghoid leis.

- cuir:
- ná cuir ormsa é (an milleán)
- cuir ort do bhróga
- tá na bróga nua ag cur orm
- tá sé (an stoirm) ag cur air (ag neartú)
- cad atá ag cur ort?
- cuireadh as dúinn nuair a bhí an traein déanach
- chuir sí an t-úll chuici (ina póca, etc.)
- nílim ag cur chugat ná uait
- chuir sé chun bóthair
- conas atá sé ag cur de?
- chuir sí suas dó (dhiúltaigh sí é)
- ag cur faoi (ina chónaí)
- cuir ola (ungadh, gluaiseacht,...) faoi
- chuir an t-easpag trí chéad páiste faoina láimh (chóineartaigh sé iad)
- ag cur i dtíortha (ag déanamh calláin)
- cé atá ag cur eatarthu
- caithfidh tú cur suas leis
- cuir le do ghealltanas
- cuir le chéile iad
- chuir sé roimhe leabhar a scríobh
- chuir sé an taom thairis
- cuir uait na cleasa.

- déan:
- ag déanamh ar Ghaillimh (ar a dó dhéag)
- rinne sé dearmad (feall, rud, ...) orm
- tá sí ag déanamh as di féin
- cad é a rinne tú leis an leanbh?

- éirigh:
- éirigh as an obair sin
- bhí na clocha sneachta ag éirí den bhóthar
- d'éirigh an scrúdú le Caoimhín
- céard a d'éirigh duit?
- ag éirí chun gaoithe
- d'éirigh idir an dá dhream
- d'éirigh sé ina laoch ag an slua.

- féach:
- féach ar na réaltaí
- féachfaidh mé lena dhéanamh
- féach na bróga sin ort
- féachfaidh mé chuige
- féach romhat.

Ach
- d'fhéach an breitheamh an cás (gan réamhfhocal).

- gabh:
- gabhaim pardún agat
- gabh agam gabhaim orm (tógaim orm féin)
- gabhaim orm (creidim) go bhfuil
- ghabh sé de bhata orm
- tá an eitinn (an fliú, etc.) ag gabháil dó
- ag gabháil don obair
- ghabh mé chugam a ndúirt sé
- gabhfaidh mé le ceird
- gabhaim le Seán (taobhaím leis).

- guigh:
- guigh orm (i bpaidir),
- guigh ar mo shon (dom, liom) [ i gcomhrá].

- imigh:
- imigh ort (ná stad)
- cad a d'imigh ort?
- ní imeoidh aon ní air (feicfidh sé gach rud)
- d'imigh an tsáil den bhróig aici
- d'imigh sé ina shaighdiúir (shagart, etc.)
- bhí mé ag imeacht romham (ag iarraidh déirce).

- lean:
- lean de (ná stad)
- lean leat (díot, ort)
- ag leanúint siar ar an scéal (ag déanamh paidir chapaill de).

- lig:
- ná lig as freagracht iad
- lig sé air nár chuala sé mé
- lig di imeacht
- lig dom féin
- lig dom leo (ná bí ag caint liom orthu)
- lig sí den ghol (stad sí)
- lig mé fúm ar an mbóthar (rinne mé - moill)
- ligim leat (glacaim le do dhúshlán)
- ní ligfidh mé leis é
- ná lig an pictiúr sin tharat (féach chuige go bhfeicfidh tú é)
- tá an corcán ag ligean uaidh.
Ach
- lig an dochtúir an neascóid (gan réamhfhocal).

- mol:
- molaim léi (deirim léi go n-aontaím léi)
- molaim an chéad duais di
- molaim dóibh imeacht.

- riar:
- riar na milseáin ar na páistí
- tá mé ag riar dóibh ó mhaidin.

- scaoil:
- scaoil scéal chugainn

- scaoil sé liom (le gunna)
- scaoil sé uaidh an cú

- scaoil tharat é (ná cuir suim ann).

- tabhair:
- fear a dtugtar Diarmaid Ó Sé air
- cad é a thug ort sin a dhéanamh?
- tabhair chugam é (gluaiseacht i gceist)
- tabhair dom é (gan aon ghluaiseacht i gceist)
- tabhair leat é
- thug an tarbh fogha fúm
- thug an t-ollamh léacht fhada uaidh
- cé uaidh ar thug tú an drochnós sin?

- tar:
- tagaim air (fionnaim)
- tiocfar ort lá éigin mura n-éirí tú as an ngadaíocht
- tháinig siad chucu féin
- tagann de sin gurbh fhíor a ndúirt tú tagann
- an hata sin duit
- ó tháinig ionam siúl
- ó tháinig ann dó (ó d'fhás sé aníos)
- tig liom siúl
- thiocfadh dó go ... (d'fhéadfadh sé go ...)
- níl an dá insint ag teacht le chéile go rómhaith.

- tit:
- thit an leabhar as a chéile
- thit oidhreacht (mo chroí, mo chodladh) orm
- ag titim chun feola (aoise, deiridh)
- thit sé i laige (i gceann a chos)
- thit mé leat (tusa ba chúis leis an titim)
- tá an t-allas ag titim liom
- thit focal uaim.

- tóg:
- thóg mé orm féin scríobh
- ná tóg aon cheann dó (ná cuir suim ann)
- ná tóg ormsa é má theip ort.

- tuig:
- ní mar sin a déarfainn é ach thuigfinn as
-tuigim ort gur iasacht atá uait
- ní thuigim focal uait
- tuigtear dom gurb é a gheobhaidh an post
- bhí tuiscint agam dó (thuig mé a dhearcadh).