24.1
Déanamh Na bhFocal
Níl i gceist sa chaibidil seo ach na modhanna inar féidir focail Ghaeilge a
chumadh ó fhocail eile atá in úsáid sa teanga faoi láthair.
Níl aon iarracht anseo ar shanas focal a léiriú taobh amuigh de sin.
Tá trí shlí choitianta ann chun focal a chumadh, mar atá, dhá fhocal a chur le
chéile chun comhfhocal a dhéanamh, nó réimír a chur roimh fhocal, nó iarmhír a
chur ar lorg focail.
Is minic a thugtar focail dhíorthaithe ar an dá shaghas dheireanacha agus
uaireanta ar na trí shaghas.
Má thagann litir leathan agus litir chaol le chéile ag an nascphointe ní gnách
caolú ná leathnú a dhéanamh:
- mionfheoil
- mínádúrtha
- dea-iompar.
I gcásanna áirithe áfach déantar caolú nó leathnú ar fhoirceann an chéad chuid
den fhocal más consan atá ann, nó cuirtear sleamhnóg isteach más guta atá ann.
I bhfocail sheanbhunaithe is mó atá na hathruithe sin:
- cos + céim > coiscéim
- dí + claonadh > díochlaonadh.
Déantar coimriú uaireanta freisin:
- leabhar + án > leabhrán
- dea-iompar + ach > dea-iomprach
- diabhal + aí > diabhlaí.