An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

24.10

An Aidiacht

Seo thíos na hiarmhíreanna is minice a úsáidtear chun aidiachtaí a chumadh:
-a:
- gruama,
- príomha,
- stuama

-(a)ch,
-(o)ch:
adharcach,
caiteach,
faillitheach,
aithríoch

Tá roinnt ainmfhocal nach naisctear mórán le -ach, -och, sa ghnáthchaint mura
bhfuil réimír ina dtosach:
- fadchluasach,
- fuarchúiseach,
- lagbhríoch,
- tromchroíoch.

-ann:
- broinneann,
- ceannann,
- droimeann
-da:
- gallda,
- rúnda,
- seanda,
- srólda

- Ligtear n amháin ar lár as focail dar críoch -nn nuair a chuirtear -da leo:
- faoileanda,
- ifreanda.

-ga:
- beoga,
- diaga,
- maorga,
- órga,
- ríoga,
- saorga

-í:
- diabhlaí,
- neamhaí,
- teasaí,
- tromaí

-mh(e)ar:
- ceomhar,
- ciallmhar,
- dúilmhear,
- glórmhar

- thmh > f:
- bláfar,
- dlúfar,
- lúfar,
- scáfar

-ta:
- biata,
- éigiallta,
- laochta,
- saolta,
- uasta

Ligtear
n


l

amháin ar lár as focail dar críoch
-nn



-ll

i siolla neamhaiceanta nuair a chuirtear
-ta

leo chun aidiacht a dhéanamh:
- aiceanta,
- doineanta,
- innealta,
- teoranta.

-t(e)ach:
- anróiteach,
- fealltach,
- feanntach,
- millteach

-teanach:
- millteanach,
- toilteanach

-tha:
- danartha,
- liteartha,
- muinteartha

-ú:
- céadú,
- fichiú,
- tríú

-úil:
- ádhúil,
- áitiúil,
- banúil,
- cairdiúil,
- fearúil.