24.14
An tAinmfhocal Coitianta
Anseo thíos tá liosta de na foircinn is minice a úsáidtear chun ainmfhocail choitianta a
dhéanamh:
-án
(díspeagadh go minic):
- cnocán,
- leabhrán,
- cosán,
- eitleán
-cán:
- buíocán,
- gealacán,
- lámhacán,
- méaracán
-chán:
- achtachán,
- ceapachán,
- leasachán
Cuirtear drochmheas in iúl le focail dar críoch
-chán
más daoine atá i gceist:
- breoiteachán,
- ciotachán,
- cruiteachán,
- suarachán.
-gán
(díspeagadh go minic):
- Íosagán (ainm dílis),
- taobhagán
-tán (díspeagadh):
- gleanntán,
- ceangaltán
-eog,
-óg
(díspeagadh nó baineannach go minic):
- aeróg,
- breallóg,
- brídeog,
- crannóg,
- dallóg
-ín
(díspeagadh de ghnáth):
- asailín,
- baitín,
- láirín,
- paidrín
Cuirtear -ín ar lorg
-ch, -cht
leathain gan athrú a dhéanamh ar an mbunfhocal:
- teachín,
- lachín,
- luchín,
- smachtín
-íneach
(le daoine éalangacha):
- cláiríneach,
- mairtíneach
-ach, -íoch, -ánach:
- Laighneach,
- oileánach,
- gaiscíoch,
- dílseánach
-adóir, -eoir, - -óir
- (le daoine de ghnáth):
- siopadóir,
- uaireadóir,
- ceannaitheoir,
- coinnleoir,
- bádóir,
- stiúrthóir,
- moltóir
-ire
(le daoine go minic):
- cruitire,
- crosaire,
- iascaire
- -í, -únaí
(le daoine de ghnáth):
- amhránaí,
- ceardaí,
- scéalaí,
- ceadúnaí,
- creidiúnaí,
- féichiúnaí
-seach
(le baineannach de ghnáth):
- báinseach,
- céirseach,
- gailseach,
- minseach
-lach
(le háit):
- crioslach,
- fuarlach,
- íoslach,
- murlach
-acht:
- airdeacht,
- doimhneacht,
- ísleacht,
- nóibhíseacht
-óid:
- bolgóid,
- dearbhóid,
- siúlóid,
- sméaróid
-airt, laith, -ra, -tracht
- (i gcnuasfhocail):
- conairt,
- sceanairt,
- éanlaith,
- macra,
- ógra,
- bantracht.