24.16
Ní iarmhír Ghaeilge atá i bhfocail ón iasacht de shaghas
- coláiste,
- pasáiste
- ticéad,
- buicéad
- buidéal,
- séipéal
- dinnéar,
- páipéar
- búistéir,
- siúinéir
- foghlaeir,
- grósaeir
- dochtúir
- táilliúir
- nádúr,
- pictiúr
- galún,
- pardún.
Ná ní iarmhír Ghaeilge atá i bhfocail ón iasacht den saghas seo a leanas cé go
bhfuil foirm iarmhíre Gaeilge ar a bhfoircinn:
- orgán,
- tiompán
- moncaí,
- turcaí
- báisín,
- gairdín
- posóid,
- réabhlóid
- seanmóir,
- bearbóir
- pancóg,
- gairleog.
Ach iarmhír cheart Ghaeilge atá i bhfoircinn focail mar
- coláisteánach,
- dochtúireacht,
- orgánta,
- péacógach,
- pictiúrlann,
- réabhlóideach,
- vótaíocht.