24.18
Úsáidtear breischéim aidiachta mar ainm teibí go minic.
I gcás aidiachtaí dar críoch consan, agus ar
-e
nó
-í
is críoch dá mbreischéim, is féidir go hiondúil a mbreischéim a úsáid mar
ainm teibí gnách:
- aimhréidhe,
- báine,
- boige,
- caoile,
- déine,
- féile,
- gile,
- leimhe,
- mire,
- raimhre,
- séimhe,
- troime,
- amaidí,
- ámharaí,
- bacaí,
- deireanaí,
- déanaí.
Ina lán cásanna eile, áfach, ní féidir foirm na breischéime a úsáid ach mar ainm
teibí céime, mar a leanas:
- ilsiollaí dar críoch
-ar:
- greannmhaire,
- dúilmhire,
- scáfaire
- roinnt aidiachtaí dar críoch
-ch:
- aistí,
- faillithí,
- díomáiche
- aidiachtaí
dar críoch guta:
- beo,
- teasaí
- aidiachtaí ar
-a
is críoch dá mbreischéim:
- fearúla,
- deacra
- corraidiacht
- neamhrialta:
- dóichí.