24.21
Is ainm teibí céime ainmfhocal a thagraíonn do chéim na cáilíochta a léiríonn an
aidiacht.
Ní hionann foirm i gcónaí d'ainm teibí céime agus don ainm teibí gnách a
fhreagraíonn don aidiacht chéanna.
Léiríonn na samplaí seo a leanas na difríochtaí feidhme agus (go minic) foirme a
bhíonn idir ainm teibí céime agus ainm teibí gnách:
- goilleann
- ciúnas na háite orm (ainm teibí gnách)
- bhí
- ionadh orm a chiúine a bhí an áit (ainm teibí céime)
- tá an lá ag dul i gciúine anois (ainm teibí céime).