An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

24.23

Ní gnách ach foirm amháin den ainm teibí céime a úsáid leis an aidiacht
shealbhach i gcásanna mar a leanas foirm na breischéime i gcás aidiachtaí
ilsiollacha dar críoch
-ch,
-ar:
- amaidí,
- suaraí,
- faillithí,
- ceolmhaire,
- dúilmhire,
- lúfaire

foirm ar leith i gcásanna áirithe.

Tá an aidiacht faoi lúibíní:
- dóichí (dócha)
- donacht (dona)
- fad (fada)
- feabhas (maith)
- fusacht (furasta)
- giorracht (gearr)
- laghad (beag)
- liacht (iomaí)
- luas (luath)
- méad (mór)
- olcas (olc)
- tiús (tiubh).

Ní úsáidtear
- dóichí,
- liacht,
- méad
mar ainm teibí gnách,
murab ionann is na cinn eile thuas:
- donacht na haimsire
- fad an bhóthair
- tá feabhas mór air, etc.

Is gnách dhá fhoirm inmhalartaithe a bheith ag bunáite na n-ainmneacha teibí
céime eile
(i) foirm na breischéime,
(ii) foirm na breischéime + -(a)cht nó -íocht:
- airde[acht],
- crua[cht],
- leithne[acht],
- moiche[acht],
- moille[acht]

Cinn neamhrialta:
- éasca[íocht]
- minice
- nó
- minicíocht
- tapaíocht (< tapa) nó tapúlacht (< tapúil).