4.26
Sloinnte ainmfhoclacha:
- Máire Ní Bhroin
- Úna Nig Fhloinn
- Bean Uí Chathasaigh
- teach Chaoimhín Uí Ghliasáin
- bád Liam Mhig Fhinn
- an Sagart Mac Pháidín
- scéalaíocht Chéitinn
- caint an Fheirtéaraigh
- iníon an Bhreatnaigh
- fear de Sheoigheach
- bráthair de Dhochartach
- óráid Sheáin Mhic Giolla Phádraig.
Ach ní shéimhítear go hiondúil
- ar lorg Ó:
- Tomás Ó Cathail
- ar lorg Mac i gcás bhunús na sloinnte:
- Pól Mac Mathúna
- c nó g ar lorg Mhic nó Nic:
- Bríd Nic Cárthaigh
- bád Sheáin Mhic Grianna
- sloinnte iasachta (idir shean agus nua) ar lorg ainm phearsanta:
- leabhair Thomáis Bairéid
- saothar Thomáis Page
- sloinnte ina bhfuil de:
- a Sheáin de Búrca.