An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

24.26

Méad, méid (f.4), méid (b. 2)

Úsáidtear méad mar atá luaite in 24.23-24:
- dá mhéad é
- tonna ar a mhéad
- cá mhéad bean (orlach, punt)?

Úsáidtear - méad freisin i gcorrleagan eile:
- ar mhéad is a bhí sé ar buile.

Ní úsáidtear an t-alt le méad, agus níl aon ghinideach aige.

Cainníocht atá i gceist le méid (f.4):
- méid mo bhróin
- seachtar an méid fear a bhí ann
- sa mhéid gur Dia é

Ní shéimhítear méid sa ghinideach:
- leath an méid sin
- de bharr an méid eolais a bhí aige.

Tomhas nó toirt atá i gceist le méid (b.2):
- Cén mhéid atá ionat anois?
- cuir in ord iad de réir méide
- fear faoi mo thuairim féin méide
- dul i méid ar aon mhéid ar cóimhéid.