25.3
Is minic, áfach, a chuirtear focal eile nach mír bhriathartha roimh an
mbriathar, go háirithe nuair atá fochlásail ann.
Déantar sin
- leis an bhfocal eile sin a threisiú:
- fear amháin níor éalaigh uainn
- freagra ní bhfuair mé
- ar ais nár thaga sé
- dealbh go deo ná raibh tú
- ar mhaithe le slacht agus cothromaíocht má tá an t-ainmní iomlán rófhada,
ach sa chás sin úsáidtear forainm iarthagrach:
- an fear is treise ar domhan ní chorródh sé an chloch
- an t-eitleán a chuaigh thart ar maidin thit sé isteach san fharraige
- i gcás dobhriathra agus frásaí áirithe:
- lá amháin d'fhill sé
- ag dul thar an reilig dom chuala mé glór duine
- maidir le Seán, bhí sé ina chodladh.